Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 168](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1076%2FCBES_1076_168.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 168
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)- an oidhche a fuair an chréatur bás. Is cosamhail go rabh pionnus aicí le deanamh agus b'feidir go mbéidh sí ag dul thart ar an dóigh seo go deireadh an t-saoghal."Bí go maith agus ní rabh go h-olc" arsa Donnacadh. Is iomdha fice uair a chualaidh me na sean-dhaoine ag cainnt fa dtaobh da an Bhean Bhán. B'feidir gur chreid me an sgéal, b'feidir nar chreid, act cibé as ar bith bhí me i Dún Fionnachaidh oidhche amháin ag faghailt bonna ar pheire bhróg. Bhí an greasaidhe iontach gnathach agus bhí se mall nuair a bhí sé réidh leobthu. Bhí a h-aon deag a clog ann (?) nuair a d'fág me Dún Fionnachaidh agus gan duine ar bith liom acht mé-fhéin. Oidhche bréagh Foghmhair a bhí ann agus cionnus go rabh me óg agus gasta ag an am bhí me ag siubhal go breágh gasta. Ní rabh me a bhfad ar an beallach go rabh mé an an taobh thall de'n Droichead, níl fhios agam cad chuige, acht bhuail eagla orm comh tuith agus chuir me mo chois ar an Droiceadh."Dia ar sabail" arsa mise liom, "Caidé an droch-rud atá ar a choisibh (?) anocht?" agus d'amharc mé thart, acht ní rabh a dháth a bheith le feiceal. Shiubhal mé liom arais acht nuair a bhí me leath-bheullaigh trasna an Droichid chualaidh mé an duine ag caoineadh agus ag caoineadh go bronach. Nuair a tháinic me go dtí an taobh seo de'n Droicead caidé chonnaic 'na seasamh ar an mhéile mhór gainimh ata annsin acht bhean mór ard agus í gleusta suas ann eaduig bhán."Sé seo an Bhean Bhán cinnte go leor," arsa mise liom fein, "agus go dtugaidh Dia neart agus misneach damh."(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Donnacadh Ó Brógain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 80