School: Mágh Rua (Murroe)
- Location:
- Murroe, Co. Donegal
- Teacher: P. S. Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mágh Rua (Murroe)
- XML Page 45
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí fear ann uair amháin agus bhí capall buidhe aige. Lá amhain dhíol sé cupla cloch préataí agus fuair sé trí leath chorain ortha. Bhí eagla air roimhe na gadaí agus chuir sé an t-airgead isteach i ruball an chapaill. Nuair a tháinig lá an aonaigh d'imthigh an fear agus an capall buidhe leis. Nuair a shroic sé an t-aonach tháinig fear fhad leis agus chuir sé ceist air ca bhéad a bhí sé ag iarraidh ar an capall. Dubhairt an fear ocht gcéad punnta. Dubhairt an fear gur aige san a bhí an capall a bhfearr air an aonach na achan uair a bhuaileach í go dtiocfadh leath chorain as a ruball. Bhuail an fear í agus thuit leath chorain amach. Thug sé ocht gcéad punnta d'on fear annsin agus d'imthigh sé na bhaile agus an capall leis. Nuair a chuaidh sé na bhaile bhuail sé an capall thuit leath choráin amach. Bhuail sé airíst í agus char thuit leath corrain ar bith amach Bhuail sé leis gur mharbhuigh sé an capall.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghearrbhaigh
- Gender
- Female
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Ghearrbhaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal