Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Murroe, Co. Donegal
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 2
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)búistér arais an sgilling do'n gasúr agus chuaidh sé na bhaile agus bhuail a mháthair é.
Cáit Mic a Bháird.
D'innis m'áthair Domhnall mac a' Bhaird Mágh Ruadh, Dun Fhionnéaidh, Tírchonaill an sgéal seo damh - Bhí bean ann uair ámháin chuaidh sí go dtí an t-aonach le colpach a dhíol. Nuair a bhí sí ag dul go dtí an t-aonach casadh fear uirthi agus cheannuigh sé an colpach ar ocht bpunt. D'iarr sé ar an bhean é a fhágail i mbhoitheach 'sa bhaile mhór. "Maith go leór" arsan bhean agus d'imthigh sí. Nuair a shroich sí an baile mór dhíol sí an colpach aríst ar ocht bpunt eile agus arsan fear "béidh mé arais aríst fá 'n-a choinne." Tháinig fear eile thart agus dhíol sí an colpach ar ocht bpunt eile agus thug an fear seo an colpach leis. Nuair a tháinig an tráthnóna tháinig na fir fá choinne an cholpaigh agus bhí an colpach díolta trí h-uaire. Cuireadh an dlighe uirthi agus achan cheist a chuir an dligheadóir uirthi dubhairt sí "colpach" agus rinne feadalach. Nuair a bhí sí ag teacht na bhaile tháinig cáilín na diaidh agus d'iarr sí ar an bhean beartán a iomchar fhad is bhéadh sise ag ceangal a bróige. Shiubhail an bhean léithe agus nuair a d'amharc sí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Nic Leagha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bríghid Nic Leagha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dunfanaghy, Co. Donegal