School: Mágh Rua (Murroe)

Location:
Murroe, Co. Donegal
Teacher:
P. S. Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 19

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 19

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Page 19
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean ag teacht ó teach phobhail lá amháin. Chonnaic an bhean dhá ghé ins an pairc. "An bhfeiceann tú an dá ghé sin?" arsa an bhean. "Ní fheicim dhá ghé acht tchím gé amháin" arsa an fear. "Acht tá dhá ghé ann" arsa'n an bhean. "Muise níl ach gé amháin ann" arsa an fear. "Deirim-se leat-se go bhfuil dhá ghé ann" arsa an bhean. Bhí siad ag cainnt leobhtha mar sin sa deireadh chaith an bhean í féin ar an bhealach mhór agus leig sé uirthi go rabh sí marbh. Bhí an fear bocht i gcruadh-chás agus ní rabh fhios aige goidé dhéanadh sé. Thug sé an corp abhaile. Tháinigh na comharsain isteach chun na faire. Tamall indiaidh sin thug an fear cogar dá mhnaoi éirigh anois agus bí ciall agat. "Bhfuil an dá ghé ann"? ar sise níl ar seisean. Cuireadh isteach sa comhrainn í agus thug an comhrainn go dtí an roilge. Nuair a cuireadh í sgread sí amach a Pháid a Pháid leig amach mé níl ach aon gé ann. Thug seisean amach í nuair a bhí siad ag teacht na bhaile chonnaic siad an dá ghé agus dubhairt seisean tcím gé amháin agus gandal amháin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghearrbhaigh
    Gender
    Female
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Ghearrbhaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal