Scoil: Mágh Rua (Murroe)

Suíomh:
Murroe, Co. Donegal
Múinteoir:
P. S. Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 79

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 79

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Leathanach 79
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh fear la amhain go dti teach osta. Ar a bhealach fuair se greim ar ean ban. Nuair a chuaidh se isteach go dti an teach osta d'iarr se ar an bhean a bhi ins a t-seopa an t-uisge-beatha a b'fearr a bhi ins an t-seopa a thabhairt do. Thug si gloinne uisge-beatha do. Bhuail an fear an t-ean scread. Cuir an bhean ceist air caide a bhi an t-ean a radh. Dubhairt an fear go rabh se ag radh nach rabh sin an uisge beatha a b'fearr a bhi ins an t-seopa. Dubhairt an bhean go rabh sin ceart. Thug si gloinne eile uisge-beatha do. Bhuail an fear an t-ean arais agus leig se scread eile. "Caide ta an ean a radh anois. Dubhairt an fear go rabh se ag radh nach rabh sin an uisge-beatha a b'fearr a bhi ins an t-seopa. Thug an bean gloinne eile uisge-beatha do. Leig an ean sgread eile. "Ta sin an uisge-beatha a b'fearr ata agad" arsan fear. Cuir an bean ceist air an ndioleadh se an t-ean. Dubhairt an fear go ndioleadh se an t-ean fa choinne fiche bpunt. Thug an bhean an fiche punt do agus chuaidh an fear na bhaile. Leig an bhean an t-ean ar an urlair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dunfanaghy, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Anna Nic Pháidín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dunfanaghy, Co. Donegal