School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 51

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 51

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 51
  3. XML “Deilín na mBacach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    lom leisceamhlach orm-sa, a deirfeadh liom nach raibh a dhath aicí no bainne ag ba seasga, teach sófach teach sifíneach, suarach aicí an deor a ba chóír tuitim ag an doras a' tuitim i gceart lár an urláir, bhuailfinn buille de'n chlithteóir, de'n bhlighteóir, de'n steafóg chrainn a bhéadh i gcúl mo dhoirn uirthí a bhainfeadh siubhal aistí a chuirfeadh í ar lorg an ime bhuidhe atá i gcúl an tíghe a' gabhail de shúile ag iarraidh 'ithe.
    Éirigh suas agus ná'r chruadhaighidh Dia, an donán nó an diabhal nó an donas do chroidhe, ná'r dtugaidhigh sé uait fear a' tíghe mar thug an préachán an t-éan fad ó ó'n chirc bhuidhe, cuir chugam beagán de'n bheagán, mórán de'n mhórán tachtadh na muice firinne de'n ghruth bhuidhe; déagh mheadar leamhnachta uchar spóil de ucht na caorach, ribe muire de'n olainn, fad duine de'n tobaca agus ma rinne mise dearmad tabhair féin leat é.
    Cailín a bhí ann fad ó shoin a dtug mise searc agus síorghrádh dí, mar bhí an mio-fhortún orm-sa. Lean mé dithe go híseal agus go hárd, fríd bhailte beaga agus bailte móra go Ceanada a's go Granárd go tobar beannuighthe Bhríghde go tigh Pilip a' ghluim, go tigh Pilip an chaibín chaim, go Curastair na gcaorach, go Cranóg, go tigh an donais i Muileann Cearr agus ó sin go Cruach Phádraic. Bhí deireadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. the beggars' litany (~23)
    Language
    Irish
    Informant
    Aodh Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal