School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 134
  3. XML “Rinne mé Smaointeamh in M'Intinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán - Rinne mé smaointiú 'n m'intinn
    Rinne mé smaointiú 'n m'intinn agus lean mé dó go cinnte
    Go n-eolochain ó mo Mhuinntir, anonn 'an oileáin úir.
    Tá mé ag iarraidh impidhe ar an Árdrigh 'tá os mo chionn-sa
    'Mo shábhail ar gach dainséar go gcriochnuidhe mé mo shiubhal.
    Shiubhal mé fíche míle, a's níor casadh orm daoine,
    Bó ná capall, caora, a'dheanfadh inghilt ar an fhéar
    Ach coillte dluighthe a's gleanntaí, agus búithreach beithidhigh állta,
    Fir 'gus mná gan toinnt ortha, a chasfa fá do mhéir.
    Tharla 'steach i dteach mé, agus casadh orm daoine,
    D'fiafruigh siadsan díom-sa cé'n tír in ar tógadh me.
    D'freagair mise i nGaedhilg gur tógadh mé i n-Éirinn,
    Lámh le bruach Loch Éirne, seall i dtús mo shaoighill.
    Bhí 'n t-sean-bhean ins an chlúdaigh agus a stocaí ar a glúine,
    D'éirigh sí le lúthghair gur chraith sí liom lámh.
    "Seacht n-anam fear mo thíre thar a bhfaca mé de dhaoine
    Ná gur tógadh mise i nÉirinn i mbhaile le do thaobh.
    'S truaigh gan mise i n Éirinn, lámh le bruach Loch Éirne,
    In-áit a bhfuil mo dhaoine, sínte faoí chlár.
    Sin an áit a bhfuighinn-se aos óg atá deas croidheamhail,
    'Caithfeadh liomsa an oidhche agus páirt mhór de'n lá.
    An áit a bfuighinn-se t-aos óg a's mná mo chaointe, chaointe
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish