Sgeul
Bhi fear ag teacht leis féin oidhche amháin go mall agus casadh taidhbhse air. Deir sé leis an taidhbhse " I n-ainm Chriost an duine saoghalta thú nó i gcill" Deir an taidhbhse leis " Nuair a chuir tú an cheist orm in ainm Chriost. Ní duine saoghalta mé no i gcill acht anam bocht a d'fág an saoghal seo"- Deir an fear leis " Cá fhad ó d'fág tú an saoghal seo". "Fiche bliadhain sa Domhnach s'chuaidh thart" "Agus goidé'n choir a d'fág annsin tú"
"Cúlchainnt, míreán, ag imirt cháirdí le h-íogan, sgeula uaim chuig Áine Mhór 's mar méaduigh sí an tómas go mbéidh sí fiche bliadhain i mbéal an áithe."