School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 34

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 34

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 34
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeul
    Bhí cuid fiana Chonnacht agus cuid fianna Dhún-na-nGall i dtólamh a'troid agus i dtólamh amuigh ar a chéile. Chuir fianna Chonnacht sgeula anuas chuig cuid fiana Dhún-na-nGall a ghabhail suas ar féasta. Dubhairt siad leo dá mbíodh siad isteach le chéile go mairbhfeadh siad an saoghal D'iarr siad ortha gan airm ar bith a bheith leo. Smaoinigh Goll mór ná'r náir' díobhtha a dhul suas gan rud éiginteacht a bheith leo, agus sháith sé an sgian mhór suas faoí mhuinchille a sgaoilteóige. D'imthigh siad leo annsin go raibh siad istigh thuas i gConnacht.
    Bhí suipear breágh feola réidh ag cuid fiana Chonacht agus nuair a chuaidh cuid fiana Dhúin-na-nGall isteach shuidh siad thios i gceann a' tíghe. Chaithfeadh fiana Chonnacht cnámh síos chuig fiana Dhúin-na-nGall agus deirfeadh siad leo " Bíghidh go súgach" D'eirfeadh fiana Dhúin-na-nGall. Bígidh féin go súgach ó's agaibh tá an t-adhbhar. Bhí siadsan ag ithe na feóla.
    D'éirigh fear dé'n muintear thuas ina sheasamh Bhuail sé dorn ar Gholl Mór Mac Mórna. Bhris sé naoí n-easnacha i na dhruim, naoí bhfiacla i na cheann. D'éirigh fear mór na Mórna, bhuail sé an dara dorn ach chár bhuail ariamh gan a bheith teann. Bhris se naoí n-easna i na dhruim,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Áine Ní Fhuaruisge
    Gender
    Female