School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 111
  3. XML “Urnaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Urnaighe
    M'anam bog suas do chreideamh , do dhóchas agus do ghrádh nó tá tú annseo i láthair an Té is áirde. Tá tú annseo ar ghnó mór do-chuimhseach do Dhia a ghrádhuigh thú agus a tháinig anuas ar na flaithis mar gheall ort. Ghlac Sé colann daonda agus d'eug Sé ar an 'croich' le sinn a shlánughadh. Tá Sé annseo anois ins an tsacramaint Naomhtha le do gach aon do éisteacht
    Labhair leis agus abair, "Ó, mo Dhia, creidim go daingean seasmhach go bhfuil tú annseo anois le sinn do chothughadh chun na beatha siorruidhe le do chuid fola agus feola ins an Cumaoineacha seo.
    Peacach bocht mé, sínte ag do chosa beannuighthe ag agairt do thrócaire. Ní fiú me a theacht in do láthair.
    Ní fiú mé oiread agus amharc suas ort. Ó, Dhia, dá bhfuighinn mar thuill mé is losgadh sioruidhe a gheobhainn. Dhia na trócaire, nár dúbhairt Tú féin ins an tsoisgéal go raibh Tú fonnmhar chun ár slánuighadh. Adhraim agus onóruighim thú a gcuideachta do chuid naomh agus aingle agus do mháthair bheannuighthe.
    Tá uchtach agam in do mhór chumhachta, tá muinighin láidir agam in do mhaitheas agus in do thrócaire agus na gealltanais cinnte a thug tú dhúinn ins an tsoisgeul. Tá dóchas agam a Dhia go dtabharfaidh tú maitheamhnas damh in
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Informant
    Canónach Mac Pháidín
    Gender
    Male