Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 57
- XML “Na Trí Bhréagach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeul - Na trí bhréagachBhí rí thall sa Ghréig am amháin agus bhí inghean aige. Ní bhfuigheadh aon fhear í le pósadh acht an té a bhainfeadh trí bhréagach as an righ. Tharla go raibh Éireannach ins an tír sa'n am agus dubhairt sé leis féin go bhfiachadh sé leis an trí bhréagach a bhaint as an rí, agus a ingean a fhághail le pósadh.
Lá amháin bhí an rí amuigh a'siubhal agus casadh an tEireannach air. Siubhal síad leo ag cainnt 'sa comhrádh agus thainic siad fhad le cruach fhéir a bhí istigh i bpáirt. " Geall nach bhfaca tú cruaich féir comh mór sin ariamh" arsa'n rígh." Ní fhaca" ars an t Éireannach " acht ceann a bhí ag m'athair sa bhaile, agus nuair a bhíodh na gealamháin thuas ar a bhárr bhíodh siad a'piocadh na réaltóg as an spéir." " Bréagach thú" ars an rí. "Sin sgéar amháin de do inghin agam" ars'an fear.
Shiubhal siad leo agus casadh gárradh cáil ortha. Dubhairt an rí "geall nach bhfaca tú croidhtheacha cáil ariamh comh mór sin". " Ní fhaca " arsa n tÉireannach, acht rudaí a bhí ag m'athair 'sa bhaile. Nuair a bhíodh cioth cloch sneachtaidh ann théigheadh na beathadhaith[?] isteach faoí na duilleogaí, ar fosgadh". " Bréagach thú" ars an rí." "'Sin dhá sgéar de d'ingin agam(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Ghonagail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Ghonagail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal