School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 41
- XML “An Gasúr Cliste”
- XML “Naomh Pádraig agus Oisín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)" Níl bhal" arsa 'n gasúr " no níl póca ar bith orm"
D'imthigh an sagart amach agus nuair a bhí sé ar an taoibh amuigh de'n doras tcí sé abhainn agus chuir sé ceist ar an ghasúr an bhfuigheadh sé trasna na habhna. " Gheobhaidh" ars'an gasúr, nó tá lachain mo mháthair anonn 'sa'nall annsin gach lá agus ní théid sé thar a mbolg ortha"
D'imthigh an sagart ag gáiridhe. - Sgeul- N Pádraic agus OisínBhí fear de na fianna beo go dtí am Naoimh Pádraic agus 'se a t-ainm a bhí air Oisín. Fuair sé dhá shaoghal. Chualaidh Naomh Pádraic iomrádh air. Chuir sé sgeula chuige agus thainic sé. Bhí Naomh Pádraic ag cainnt leis fá Dhia agus fa na flaithis, agus nach bhfuigheadh se na bhflaitheas mar mbéadh sé baistighthe. Chá raibh fhios ag Oisín caidé rud baisteadh agus chá raibh fhios aige caidé'n rud na flaithis ach oiread. Bhí gadhar aige agus cú agus dubhairt sé le Pádraic
A Phádraic car chuir tú an Fhéinn,
Is agat atá an stiúir
An leigfea liomsa go flaithis Dé
Mo ghadhar féin nó mo chú.(continues on next page)- Informant
- Anna Ní Fhioruisghe
- Gender
- Female
- Informant
- Méadbh Nic Fionnlaoich
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Address
- Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal