School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 14

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 14

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 14
  3. XML “Gadaí Dubh Ó Dubhagain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a tháinic an t-áthair chuig a chuid oibre maidin lá thar na bhárach dubhairt an Rí go gcuirfeadh sé fiachail eile ar an ghadaidh. Caithfidh sé a theacht chugam sa imáireach é ag marcaigheacht agus gan a bheith marcaigheacht, é a bheith tárnocht agus gan a bheith tárnocht. D'innis an t-athair seo dó'n mhac ag dul na bhaile dhó an tráthnóna sin. "Ó" ars an mac is furust sin a dheanamh.
    Lá thar na bhárach thug an gadaidh leis madadh. Chaith se eangach anuas arféin agus d'imthigh leis a'tarraingt ar theach an Ríogh. Chuir se cos ar dhruim a mhadaidh agus bhí an chos eile ar an talamh. nuair a thainic sé fhad leis an Rígh "Anois" ar seisean, Tá mé tá mé a'marcaigheacht agus níl mé a'marcaigheacht, tá mé tarnocht agus níl mé tarnocht. "Tcím" ars an Rí " Is doiligh do bhuaidh a fhághail. "Anois" ár seisean leis an ghadaidh "Ma bhualann tú bob ar an mhinistir bheirfidh mé mála airgid duir in áit tú chur un báis.
    D'imthigh an gadaidh agus nuar thainic an oidhche las sé cuid mhór coinneal ins an teampal. Nuair a chonnaic an ministir an solus tharraing sé ar an teampal. Dubhairt glór go raibh sé ag dul nabflaithis. "Béidh mise leat" ars an ministir. Chuir an gadaidh an ministir isteach i mala, chuir ar a dhruim é agus amach leis. Tharraing sé an ministir aníos agus síos anonn agus anall fríd
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Earcain
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    An Fál Carrach, Co. Donegal