School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 87
- XML “Díorfach Mac na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí Seán sásta go bréagh don mhargadh no mheas sé go dtug an Fear Ruadh tuarastal comhthrom do. An lá céadhna d'iarr sé ar Seán a bheith ar a choimheadh no go raibh fathach ina chomhnuidhe fa ghiota do agus go mairbhfeadh sé é.
"Mharbhuigh sé an méid gasraí eile a bhí agam chionnus gur chuir siad mo chuid eallaigh isteach ina pháirc," arsa'n Fear Ruadh, agus tá eagla mo sháith orm go ndeánfaidh sé an cleas céadhna leatsa"
"Na bac le sin," srsa Seán, "ní heagal do mise a mharbhadh."
"is mó an gar," arsa'n maighistear go bhfuair mé gasúr atá ábalta ag an fháthach; ach tá eagla orm no bhí na gasraí eile a bhí agam in bhfir le do thaobh-sa agus ní raibh siad ábalta aige."
"Maith go leor," arsa Seán, "tcídhfimid goidé mar bhéas."
Nuair a fuair Seán bunadh an toighe fa chomhnuidhe thug sé leis an méid bainne milis a fuair sé fa'n teach agus chuir síos i bpota ar an teinidh é. Thug sé leis annsin an méid (blathaighe) bláithche a bhí fa'n teach agus chuir síos fríd an bhainne mhilis agus rinne gnuth de.
Bhí dhá bhraithlín ar an leabaidh - ceann(continues on next page)- Informant
- Séamus Ó Rabhartaigh
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal