School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 47
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí sean-dall i bhfad o shoin agus bhí a fhios aige gur a chuid ua féin a chuirfeadh 'un báis é.”
Seán ÓDubhgain as Loch Chathair, an fear céadna a d’innis an scéal “Scian go mBuaidh”, a d’aithris an scéal seo. Tá seán ina chomhnuidhe i Loch Chathair fá thuairim cúig mhíle soir ón Chlochán Liath agus b’annsin a rugadh agus a tógadh é. Tá morán seanchuis ag Seán agus le n-a choid sin tá an t-iomradh leis go bhfuil féith na filidheachta ann. Chum sé dornán dán ceann aca dán molta d’Oifigeach an Phinsin a bhí ar an Chlochán Liath nuair a fuair Seán an pinsin. Tá Seán a’ fhághail an phinsin le oct no naoi dhe bhliadhna.
Márta, 1935ScéalBhí sean-dall ann i bhfad ó shoin agus bhí a fhios aige gur a chuid ua fhéin a chuirfeadh ‘un báis é. Mharbhuigh sé a theaghlach uilig de réir mar thainic siad ar an tsaoghal ach a’n mhac amháin a chuir a mháthair go tír eile le n-a shábhail. Nuair a bhí an mac seo ina fhear phós sé agus bhí triúr mac aige.
Oidhche amháin thainic capall coimhthigheach isteach ‘na gharraidh agus tharraing sé na cruacha. Cuireadh amach an mac ba sine go bhfiecfeadh sé goidé’n seort capaill a bhí sna cruacha. Thainic sé sin isteach agus dubhairt sé nach raibh a fhios aige. Cuireadh amach an dara mac agus ní raibh a fhios aigesan ach oiread. Cuireadh amach an mac a b’óige annsin(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgain
- Gender
- Male
- Occupation
- Pinsinéir