School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 46
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí bean agus gasúr ann aon uair amháin. Nuair a bhí an gasúr beag fuair a athair bás.”
(continued from previous page)“maith go leor,” arsa ‘n gasúr, “déanfaidh sé sin.” Thainic lá ar na bhárach agus ma’s fada an lá tig an oidhche. I dtráthaibh an seacht a chlog ghléas an gasúr é fhéin agus níor stad sé go raibh sé i dteach na dtaidhbhsí. Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtainic an mheadhon-oidhche. Bhí teine bhréagh thíos agus an gasúr ina shuidhe go sócamhlach cois na teineadh go díreach nuair a buaileadh an doras. “Isteach libh!” arsa ‘n gasúr.foscladh an doras agus thainic daréag fear isteach agus comhnair leo. D’fhág siad an chomhnair ina luighe I lár an toighe agus d’fhoscail siad í. Léim fear mór dubh amach agus suidhe ag taobh an ghasúir. Sul ar mhothuigh an gasúr bhuail an fear mór dubh dorn air. “Ma gnídh tú sin arais,” arsa ‘n gasúr, “beidh daor ort.” Bhuail an fear an dara dorn. Fuair an gasúr greim air agus sháith sé a chloigeann siar faoi’n teineadh. Thoisigh an screadach agus na búithrigh ag an fhear a bhí faoi’n teinidh ach ní leigfeadh an gasúr do bogadh go dtí go raibh sé rósta. Nuair a fuair an fear ina shuidhe thug sé léim isteach ins an chomhnair agus amach ar an doras leo. Thárluigh an rud céadna an dara hoidhche agus an treas oidhche. Ar maidin an treas lae chuaidh an gasúr chuig n-a mhaighistear agus d’iarr an t-ór air. Thug an maighistear mála óir do agus bhí sé fhéin agus a mháthair saidhbhear ar feadh a saoghail.
Márta 1935.- Informant
- Brighid Ní Dochartaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Gaoth Dobhair, Co. Donegal