School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 45

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 45

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 45
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí bean agus gasúr ann aon uair amháin. Nuair a bhí an gasúr beag fuair a athair bás.

    (continued from previous page)
    ghoid sé as an sciobol iad. “Ó,” arsa ‘n mháthair, “ cad chuige a dtearn tú sin? Nach bhfuil a fhios agat go mairbhfidh fear na bpreataí thú!
    “Ca mharbhuigheann,” arsa’n gasúr. “no rachaidh mise agus saothrochaidh mé luach na bpreataí.”
    Ar maidin lá thar na bhárach níor stad an gasúr go dtí go raibh sé thall ag fear na bpreataí agus go dtearn sé margadh leis ar feadh leithbhliadhna. Ba í an chead obair a thug an fear le déanamh don ghasúr cloch mhór a bhí i gcionn de na cuibhrinn a chur iteach ins an claidhe. Thug an gasúr leis cró-iarainn agus thug iarraidh an hloch a bhogadh. Nuair a bhí sé ag glanadh thart fa’n chloch chuir ainmhidhe a cloigeann anuas ó bharr na cloiche agus thug iarraidh an gasúr aithe. Ní thearn an gasúr dadaidh ach léim a thabhairt suas ar an chloch, greim a fhághail ar an bheathach állta agus a chaitheamh anuas ón chloich. I rith an lae sin bhí an gasúr ag coimhead teach mór sclátaí a bhí taobh thoir de. An oidhche sin chuir sé ceist ar a mhaighistear caidé bhí ins an teach mór. Dubhairt an maighistear leinach raibh a dhath ann ach taidhbhsí, “agus,” ar eisean, “ma fhanann tusa ann trí oidhche bheirfidh mé mála óir duit.”
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Ní Dochartaigh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Gaoth Dobhair, Co. Donegal