Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 47

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 47

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 47
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí sean-dall i bhfad o shoin agus bhí a fhios aige gur a chuid ua féin a chuirfeadh 'un báis é.

    Seán ÓDubhgain as Loch Chathair, an fear céadna a d’innis an scéal “Scian go mBuaidh”, a d’aithris an scéal seo. Tá seán ina chomhnuidhe i Loch Chathair fá thuairim cúig mhíle soir ón Chlochán Liath agus b’annsin a rugadh agus a tógadh é. Tá morán seanchuis ag Seán agus le n-a choid sin tá an t-iomradh leis go bhfuil féith na filidheachta ann. Chum sé dornán dán ceann aca dán molta d’Oifigeach an Phinsin a bhí ar an Chlochán Liath nuair a fuair Seán an pinsin. Tá Seán a’ fhághail an phinsin le oct no naoi dhe bhliadhna.
    Márta, 1935
    Scéal
    Bhí sean-dall ann i bhfad ó shoin agus bhí a fhios aige gur a chuid ua fhéin a chuirfeadh ‘un báis é. Mharbhuigh sé a theaghlach uilig de réir mar thainic siad ar an tsaoghal ach a’n mhac amháin a chuir a mháthair go tír eile le n-a shábhail. Nuair a bhí an mac seo ina fhear phós sé agus bhí triúr mac aige.
    Oidhche amháin thainic capall coimhthigheach isteach ‘na gharraidh agus tharraing sé na cruacha. Cuireadh amach an mac ba sine go bhfiecfeadh sé goidé’n seort capaill a bhí sna cruacha. Thainic sé sin isteach agus dubhairt sé nach raibh a fhios aige. Cuireadh amach an dara mac agus ní raibh a fhios aigesan ach oiread. Cuireadh amach an mac a b’óige annsin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0950: Rhampsinitus
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dubhgain
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)