Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)trí fichid. Feirmeoir beag atá ann. Tógadh é i Loch Chathair agus chaith sé a shaoghal uilig annsin taobh amuigh de'n tamall a chaitheadh sé ag gabháil den fhoghmhar thall i-n Albain. Chualaidh seisean an scéal ag a n-athair nuair a bhí sé ina ghasúr.Scríobhadh an scéal ins an leabhar seo Nodlaig, 1934.
Na Trí ChomhairleSeán Ó Gallchobhair, Mína Mánrach, Clochan Liath Tír Chonaill a d'innis an scéal seo - Na Trí Chomhairle. Tá Seán fá thuairim 62 bliadhain anois. Rugadh agus tógadh é i Mín na Manrach agus is ann a chaith sé a shaoghal ach go mbíodh sé anonn agus anall go hAlbain gach bliadhain séasúr an fhoghmhair. Chualaidh sé an scéal go minic ag na sean-daoine ó bhí sé ina ghasúr. - Bhí lánamhain ann i bhfad ó shoin agus nuair a bhí siad cúpla bliadhain posta smaoitigh Tomas, an fear go rachadh sé go dtí an t-Oileán Úr agus chuaidh. Nuair a chuaidh sé annsin rinn sé fastódh le fear go cionn bliadhna. D'fhan sé ag an fhear seo go cionn bliadhain is fiche, agus ar feadh an ama sin níor thóg sé aon phighinn da chuid airgid.Maidin amháin ní rabh chuma ar Thomas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 62
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Donegal