School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 3
- XML “An Bhean agus na Trí Mic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tú an ola air éireochaidh sé beo; seo slat bheag chugat fosta agus an duine a bhuailfeas tú léithe tionntóchaidh sé go dtí carraic cloiche."D'imthigh an mac seo leis annsin go dtáinic neoin bheag agus deireadh an lae. D'imthigh sé leis fríd choillidh agus casadh teach air. Chuaidh sé isteach."'Sé do bheatha a choigeallaigh as Éirinn," arsa bean an toighe, "caithfidh mé tú a chur i bhfolach nó nuair a thiocfas an fáthach isteach mairbhfidh sé thú." Chuir sí isteach faoi bhairille é.Nuair a tháinic an fáthach isteach chuir an gasúr píosa an éadaigh ar mhullach a chinn. Nuair a fuair an fáthach é d'imthigh seisean go dtí coirneál eile san teach. Mhothuigh an fáthach an boladh annsin agus Chuaidh sé go dtí é agus bhuail an gasúr buille de'n tslait air agus rinne sé carraic cloiche de.Chuir sé cuid de'n ola ar a chuid dearbhrathaireach fhéin agus rinne sé beo iad. D'imthigh an triúr leo 'na bhaile annsin chuig a máthair.Aodh Mac Suibhne as Mín Corbhaic a scríobh an scéal seo agus Seán Ó Dubhgain, Loch Chathair, Croich Shlíghe, Tír Chonaill a d'innis do é. Tá Seán anois fá thuairim seacht mbliadhna déag agus(continues on next page)
- Collector
- Aodh ac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- An tSeanga Mheáin, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Dubhgain
- Gender
- Male
- Age
- c. 77
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Loch Achair, Co. Donegal