School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 2
- XML “An Bhean agus na Trí Mic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Ní tháinic éireannach ar bith isteach annseo," arsa bean an toighe.Chuartaigh an fáthach agus fuair sé an gasúr faoi'n bhairille. Bhuail sé buille de shlait draoidheachta air agus rinne sé carraic cloiche de.Nuair a bhí bliadhain caithte dubhairt an dara mac, "Tá mo dhearbhrathair ar shiubhal le bliadhain anois agus tá an t-am agamsa imtheacht fosta."Rinne a mháthair tuirtín dó agus d'imthigh sé leis. D'éirigh an rud céadna do-san a d'éirigh don chéad mhac.Chuaidh bliadhain eile thart agus dubhairt an mac a b'óige go raibh an t-am aige fhéin imtheacht a shaothrughadh. Rinne a mháthair tuirtín dó agus d'imthigh leis. Nuair a tháinic am dinnéara shuidh sé síos a dhéanamh a chodach. Tháinic fear beag ribeach ruadh fhad leis agus d'iarr sé cuid air. "Ní thabhairfidh mé cuid ar bith duit," ar seisean leis, ach suidh síos annsin i mo chuideachta agus ith do dhothán."Nuair a bhí siad réidh thug an fear beag buidheachas do agus ar seisean, "Seo píosa beag éadaigh duit dar b'ainm Cloigeann Darach agus nuair a chuirfidh tú ar mhullach do chinn é ní fheicfidh aon duine thú; seo bocsa ola chugat fosta agus dhath ar bith a gcuirfidh(continues on next page)
- Collector
- Aodh ac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- An tSeanga Mheáin, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Dubhgain
- Gender
- Male
- Age
- c. 77
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Loch Achair, Co. Donegal