School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 1

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 1

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 1
  3. XML “An Bhean agus na Trí Mic”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1055 Mín na Manrach
    An bhean agus na trí mic
    I bhfad ó shoin bhí bean bhocht ina cómhnuidh i gCnoc an Phreacháin i n-aice Dhoire. Bhí triúr mac aici agus nuair a d'éirigh siad mór dubhairt an mac a ba sine go raibh an t-am aige fhéin dul i gcionn saothruighe, agus d'iarr sé uirthí tuirtín aráin a dhéanamh dó.
    Rinne sí an tuirtín agus thug sí do n-a mac é agus d'imthigh sé leis ansin. Nuair a tháinic am dinnéara shuidhe sé síos a dhéanamh a chodach. Ní luaithe ina shuidhe é no tháinic fear beag ribeach ruadh fhad leis agus d'iarr sé cuid air. "Bog leat le do ghnáithe, tá mo chuid gann go leor agam fhéin," arsa an stocach leis.
    Nuair a bhí sé réidh shiubhail sé leis go dtáinic neoin bheag agus deireadh an lae ann. Isteach i gcoillidh leis agus casadh teach air; chuaidh sé isteach. "'Sé do bheatha, a choigeallaigh as Éirinn," arsa bean a'toighe leis; "is truagh liom go dtáinic tú bealach an toighe seo, nó nuair a thiocfas an Fáthach Mór isteach cuirfidh sé 'un báis thú, agus níl áit ar bith le do chur i bhfolach ach faoi'n bhairille sin thíos"
    Nuair a tháinic an fáthach isteach ar seisean, "Fuit fuit feasóg, mothuighim boladh an Éireannaigh bhradaigh istoigh."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh ac Suibhne
    Gender
    Male
    Address
    An tSeanga Mheáin, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Dubhgain
    Gender
    Male
    Age
    c. 77
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Loch Achair, Co. Donegal