School: Doire Thanaidhe (roll number 11204)

Location:
Doire Sheanaigh, Co. Donegal
Teacher:
M. Ní Amhalaghaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1054, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Thanaidhe
  2. XML Page 054
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ag Déanamh Coinnle.
    I bfad o shoin nuair nach rabh lampaí ar bith sa tír bá gnáthach leis na daoiní gléas soluis a dheanamh. Tharraingeochadh siad gráinín feaga agus d’fagfadh siad áit eighinteacht iad mbéadh siad feoidhte go maith, annsin gheobhadh siad leadhb ime no geireach agus léigheadh siad é i miasc agus cháithfeadh siad na feaga isteach ann acht roimhe sin bhainfeadh siad deireadh an craiceann glas daobhtha. Annsin nuair a bhéadh siad tamailt ann thógfadh siad amach iad agus cróchfaidhe o’s cionn na teineadh iad agus achan oidhche ní rabh le déanamh acht ceann a tharraingt amach agus é a shaitfeadh síos i spadair móna agus mhairfeadh sin go h-am codlata.
    Bhí gléas eile solus acu i bfad o shoin sé sin gheobhadh siad gíota dé guimhais maith tirim a bhéadh feoidhte go maith agus sháithfaidhe sin síos i fád mónadh agus nuair a bhéadh sé dóighte go dtí an fód rachadh siad a luighe, corr uair bhéadh coinnil leith-phighinn acu as is iongantach annamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Informant
    Aodh Mac Criada
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Donegal