Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eile agus sé an deoch a d'iarr Diarmuid a lán de fhui trí righthe Innse Tuileadh. Bheir sé greim ar an chórn ansin agus bhuail sé an fear leis eadar a' dá shúil agus chuir a ingín amach ar a dhá chluais. Amach ar an doras leis ansin agus theann achan fhear air a arm agus éideadh.
Ní raibh dadaidh ar a' domhan inchurtha le Trí Ríghthe na Tuileadh ag an draoidheacht. Rinne siad iolair díobh féin agus d'éirigh ins na spéirthibh ag coimhead an chuail. Luigh Diarmuid i dtom ar chúl a chinn ag coimhead na spéire. Bhí Diarmuid sóghraidhe ag caitheamh sleaghach agus chaith ceann leis an chéad iolar agus thug anuas marbh é. Chaith sé an darna sleagh leis an darna iolar agus thug anuas marbh é. Chaith sé an tríomhadh sleagh leis an tríomhadh iolar agus thug anuas marbh é. Rith sé agus cheap sé lán an chóirn do na gcuid fola agus ar shiubhal leis a' méid a bhí ina chnámhaibh fhad leis an uathaigh.
Nuair a mhothuigh siad ag teacht é thoisigh siad ag scairtigh le luthghair agus le h-iollgháirdeachas agus ag fiafruigh do caidé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Donegal