Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Leathanach 545
- XML “Gnásannaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is é seo an dóigh a bheireann na daoine ar na h-éanacha sa Gheimhreadh ins an tír seo. Gnídheann siad cliabh beag a dtugann siad cliabh éan air. Bíonn an cliabh seo déanta d’e shlátcha sáileóige. Ghéibheann siad dhá bháta beag agus cuireann siad ceann amhain aca faoi taobh amhain den cliabh le é a chongbhail suas un talamh agus cuireann siad an báta beag eile taobh istuigh den cliabh dóigh éigin teacht agus sgáirteann siad an t-úsgan air. Nuair a léimeann an t-éan ar an úsgan tuiteann an báta atá ag cóngbhail suas an cliabh agus tuiteann an cliabh suas ar mhullach an t-éan agus bíonn sí gábhaite annsin.
Seo an dóigh a beireann daoine an bradán san abhainn. Sé an dóigh is bhuise le bhreith orra le cróman. Rachann sgáifte fear amach go dtí an abhainn ins an oidhche agus lámpa leófa agus an solas air. Nuair a thigeann an solas ar na brádan bíonn siad dall agus annsin thig le na fir an cróman a sháitheadh ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)