School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 35

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 35

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 35
  3. XML “Niall Nábla agus an Giorria Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    garrún, acht le sin bheir an gearrfiadh ar láimh Néill agus b'éigean dó an greim a leigint amach.
    Fuair an gearrfhiadh ar shiubhal, acht bhain sé plaic as láimh Néill, agus i gcionn tamaill thosaigh an lámh a teacht fá shileadh
    Chuaidh gáir amach gur thuit "Bell Blaine" agus gur gearradh go mór í i n-áit éigin fa'n teach 's aicí féin. Bhí duine de na comhursanaí ag amharc oirthí lá agus chonnaic sí go rabh poll mór ina leis. Ní rabh sí ábalta a cor a chuir fuithí
    Acht i dtaoibh Neill bhocht - bhí a láimh i gabhail in dáinsear gach eile lá, agus gan cumadh bisigh ar bith oirthí. B'eigean dó a ghabhail a luighe bhí se comh lag sin. 'Sa deireadh chuaidh a dheirbhsiúir annsoir an tSaghairt agus d'innis Niall an scéal dó ó thús go deireadh Léigh an Saghart ós cionn Néill agus rinne Oifige dó. Thainig biseach air i gcionn tamaill, acht níor éirigh Bell Blaine as an leabaidh go bhfuair sí bás.
    Bhí daoine an bhaile de bharamhail gurabh í an gearrfiadh a bhí ag goid an bhainne, nó connaiceas an gearrfiadh ceadna go minic ó am go h-am roimh sin acht chuir Niall deireadh le na cuid siubhail.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Bhaoighill
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal