School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (roll number 3549)

Location:
Whitechurch, Co. Waterford
Teacher:
Liam Ó Faoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 41

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 41

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 41
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear oibre ag duine uasail fadó.

    Bhí fear oibre ag duine uasal fadó. Sé an ainm a bhí air ná Diarmuid Firinneach. Bhí an-mheas ag an duine air mar bhí sé an-mhacánta agus an-fhírinneach ar fad.
    Tháinigh fear ar chuaird chun an duine uasail agus bhíodar ag cur síos ae a lucht oibre. Dúirt an duine uasail gur aige féin a bhí an fear oibre dob fhearr san tír mar nár innis sé breug riamh dó. Dúirt an fear a tháinigh ar cuaird ná chreidfeadh sé é agus go gcuirfeadh sé féin d'fhiachaibh ar Diarmuid bréag do insint. Bhí Diarmuid bocht agus chuaidh an fear a tháinigh ar cuaird an-dhian air chun ceann de chaoirigh a mhaighistir do dhíol leis.
    Dhíol Diarmuid an chaora. Nuair a bhí an caora díolta ag Diarmuid tháinigh an-bhrón air agus ní fheadar sé cad é an leath-scéal a bheadh aige don máistir. Chuir sé ramhan ina sheasamh ins an talamh agus a casog air ag ligint air gurab é an máistir a bhí ann. An máistir: "Cad a bain don caoirig a Dhiarmuid". Diarmuid: Cailleadh í a mháistir". "Ní dheinfeadh sin an gnó ach an oiread" arsa sé dó féin. "B'fhearr a bheinn as da innseoinn an fhírinne". Nuair a cheistigh an máistir é d'inis sé an fhírinne dó agus buaidh sé.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0889: The Faithful Servant
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Address
    Canty, Co. Waterford
    Informant
    James O' Donnell
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Age
    57
    Address
    Canty, Co. Waterford