School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (roll number 3549)

Location:
Whitechurch, Co. Waterford
Teacher:
Liam Ó Faoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 48

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 48

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 48
  3. XML “Saint David's Well”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí ministear ann uair agus níodh sé ag fagailt trí ponann an duine ó gach feirmeoir in aghaidh na bliana agus nuair a bhí sé bailighthe aige dhein sé staca de.

    Bhí ministear ann uair agus bhíodh sé ag fagailt trí ponann an duine ó gach feirmeoir in aghaidh na bliana agus nuair a bhí sé bailighthe aige dhein sé staca de. Nuair a bhíodh na daoine ag gabháil thar an ioclann dheiridís gur staca breá é agus deireadh sé sin gur staca an m hargadh é. Ansan glaoidh na comharsan @Staca na Mhargadh' ar a ingean.
    Bhí feirmeoir ina chónaí gairid don mhinistéar agus bhí mac aige agus tbharfadh sé a mhac do Staca na Mhargadh. Do phósadar araon agus bhíodar ar an mbeirt a ba compordúil timpeall na h-áite sin. Bhíodh an fear ag obair dos na comharsain agus ní bhfuigheadh sé aon pá. Indúre an t-am bhí a éadach go léir stracha. Agus seo an rud a dúirt a driofúr leis : Is minic a conaic mise tusa , a Sheáin
    Ag siúl na sráide le pócaí airgid
    Anois ó tá tú agus na páistí ag magadh fút
    Ó chuaidh tú chun díol le Stáca na Margadh.
    Freagra : Fóill a mháire is ná bí bhfearg chugham
    Tá longa gach lá ag snámh sa bhfarraige
    Intheochadh-sa amárach is go bráth ní chasfadh
    Mar a bhfuiareas, fágfadh Staca na Mhargadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Cobhtaig
    Gender
    Female
    Address
    Keereen Lower, Co. Waterford
    Informant
    Micheal Ó Innsidiún
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Woodhouse, Co. Waterford