Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Ardmore, Co. Waterford
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 038
- XML “Scéalta”
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí bean ar an mbaile seo fadó agus thit sí tinn. Tháinigh na dochtúirí agus dúradar ná faigfhuidhe í leigheas. Bhí muintir na mná go mór tré chéile. Oíche amháin bhí taidhbreamh aici agus dúradh léi buidéal uisce as Tobar Déaglán a fháil ar uair an meán-oíche agus trí bolgam de d'ól. Dúirt sí lena mhuintir an taidhbreamh a bhí aici. An oíche ina dhiaidh sin d'imigh a fear go Tobar Déaglán. Ar uair an meán-oíche díreach chrom sé síos agus líon sé an buidéal as an tobar, chonaic sé mar bheadh duilleóg beag ar bárr an uisce agus chuaidh an duilleóigín isteach sa mbuidéal. Thug sé an t-uisce abhaile leis agus thug don bean é. D'ól sí trí bolgam den uisce agus ón lá sin amach ag dul i bhfeabhas a bhí sí. Do mhair sí go raibh sí go críonna caite.