School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 038

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 038
  3. XML “Scéalta”
  4. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Táim ag aireachtaint seó mar gheall ar Naomh Déaglán" adúirt sé "Nach treasna an bhóthair ní raghainn ag triall air". Aoinne agaibh go bhfuil aon rud oraibh téihidh síos go tráigh Baile Chuinn agus faighí píopa den sean-bhád atá ann is annsan atá an leigheas".
    Tháinigh iongantas a a mháthair. "Cá bhfuair tú an bata seo?" adúirt sí. "Síos i dtráigh Baile Chuinn" arsa sé.
    Agus ón lá sin amach níor leigheas an t-sean-bhean ná an bata aoinne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean ar an mbaile seo fadó agus thit sí tinn. Tháinigh na dochtúirí agus dúradar ná faigfhuidhe í leigheas. Bhí muintir na mná go mór tré chéile. Oíche amháin bhí taidhbreamh aici agus dúradh léi buidéal uisce as Tobar Déaglán a fháil ar uair an meán-oíche agus trí bolgam de d'ól. Dúirt sí lena mhuintir an taidhbreamh a bhí aici. An oíche ina dhiaidh sin d'imigh a fear go Tobar Déaglán. Ar uair an meán-oíche díreach chrom sé síos agus líon sé an buidéal as an tobar, chonaic sé mar bheadh duilleóg beag ar bárr an uisce agus chuaidh an duilleóigín isteach sa mbuidéal. Thug sé an t-uisce abhaile leis agus thug don bean é. D'ól sí trí bolgam den uisce agus ón lá sin amach ag dul i bhfeabhas a bhí sí. Do mhair sí go raibh sí go críonna caite.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.