School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 032

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 032

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 032
  3. XML “An Leasmháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a mhac a lámhach. Suibhligheadar i bhfocair a chéile gur chuadar a triall ar an gclaidhe bhí orann dfaighnigh sa claidhe agus londubh istigh ann, caith an garsúinín leis an londubh agus lámhach sé é is dúirt len a athair dul in áirde sa crann 'á iarradh. Chuaidh an t-athair ináirde agus sa chrann. Bhí an fuil dearg ag rith amach tríd, nuair a chonaic an garsúnín go raibh sé leath traochta stad sé agus nuair a stad an ceol stad an rinnce. Tháinigh an t-athair anuas agus chuaidh sé abhaile. Nuair a chonaic a bhean é d'obair nár thit sí. "Cad a bhain duit" adúirt sí "ar éigin a bhí sé ábalta an freagra a thabhairt uirthi". D'inis sé di cad a bhain dó. Cuir sí di comh mear agus ab fhéidir léithe ag trial ar an nguirtís thóg sí amach summons ar an leas mac. Tháinigh lá na cúirte. Chuaidh sí agus a fear go dtí an cúirt agus chuaidh an leas mac leis. Nach nuair a bhí sí 'á scradú aca cad a dhein sí ach iompó agus féachaint ar an ngarsúnín agus ar an neomat d'fhéach sí air d'en sí bruinn. Níor chuir aoinne aon suim ann ach gur dhearg sí suas. Do lean sí uirthi ag insint don breithimh an íde thug sé ar a fear. Níor bhfada gur d'iompaigh sí arís ag féachaint aige ach leig sí bpuinn eile. Dúirt an breitheamh, an bhean gránda sin a chur amach. Rug na píléirí uirthi chun í a chur amach. Ar an neomat dearg a rugadar uirthi rug an leas mac ar an bheidhlín agus seo ag imirt na bheidhlíne é. Seo ag rinnce iad go léir. An leas-mháthair agus an píléir in achrann innte bhí an breitheamh agus gach aon léim aige comh maith le cách
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0592: The Dance Among Thorns
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Bruadar
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Crossford, Co. Waterford