School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 033

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 033

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 033
  3. XML “An Leasmháthair”
  4. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí gach aon saghas duine a bhí istigh ag rinnce. Choinnigh sé ag rinnce iad go rabhadar traochta amach aige. Nach d'iarr an breitheamh ar son Dia air an ceol a stop agus go dtabharfadh sé chead púnt dó. Do stad sé agus nuair a stad an ceol stad an rinnce, fuair sé an t-airgead. Chuadar abhaile nach ní fheuchfadh an leas-mháthair as son amach air dá dtabharfá pinsiúin di.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá scathamh maith de bhlianta ó shoin ó bhí mé ag obair i dtigh feirmeora agus bhí mé féin agus mac an feirmeora ag gearradh binnse féir chun é thabhairt isteach des na gcapaill. Mé féin a bhí sa ghearradh. Nach chuaidh an scian in achrann i rud éigin agus ní bhfaighinn é tarraingt. Dúirt mé leis an mbuachaill eile teacht ag triall orm. Tháinigh sé agus reidhtigheamar an scian agus tarraingamar anois ceann laogh agus bhí sé comh úr agus dá mba ar an neomat bhainfeá den laogh é. Bhíomar ag féachaint air. Sa deire chuaidh an garsún isteach agus d'inis sé d'á athair cad a thit amach. Tháinigh an feirmeoir amach.
    "Is diabhal an obair é sin" a deir sé "Faigh romhan is sluasadh déinigí poll agus cuirigí síos ann é". Fuaireamar an ramhan is an sluasadh agus luigheamar ag déanamh an puill cuireamar ceann an laoigh síos ann. Nuair a chuaidh fear an tighe isteach d'inis sé dá bhean cad a thit amach agus cad a bhí déanta aca. "Agus cad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Bruadar
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Crossford, Co. Waterford