School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 027
  3. XML “An Playsham”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    arsa an ministéir "nó fuil sé á dtiomáint chun siúl"
    "Teighis amach" arsa sé leis an gcailín aimsire. Seo amach an chailín agus an buachaill an chéad duine bhuail léi. Thug sí a dhá láimh de'n mbuachaill chun é caitheamh as an slí, ceangail a lámh den mbuachaill is cimil Liam Gréasaí an tslaitín dá thóin. Bhí sí sin sa liúrigh comh maith leis an gabhair.
    "Ní fheadar fén diabhal cad atá ortha seo" arsa an ministéir le bean Liam. Amach leis, an chéad duine thaithnigh leis nó an chailín. Thug sé a lámh di, ceangail a lámh dá drom agus ceangail Liam Gréasaí an tslaitín dá thóin. Bhí an ministéir sa liúrigh comh maith leis an gcuid eile aca. "Gluais leat isteach agus fág ansan iad" arsa bean Liam leis an ministéir. "Ní bhfaighinn" arsa sé. Amach léithe, chuir sí a dhá láimh timpeall an ministéir chun é a thabhairt iteach. Cheangail a lámha den ministéir agus cimil Liam Gréasaí an tslaitín dá thóin.
    Bhí sé ag tiomáint leis ansan, an ministéir agus bean Liam, Iomnochtaithe mar amach as an leaba thángadar. Dúirt Liam go dtiománfadh sé tré gach baile mór in Éirinn iad.
    Bhíodar ag imeacht leo, an chéad duine bhuail leo ná fear a bhí ag scrios an bhóthar. "caith sluasadh den pluidhe sin thíos orm" arsa bean Liam leis " chun ná beinn go léir nochtaithe".
    Thóg sé sluasadh den pluide. Chaith sé thiar sa "caorthán" uirthi é, cheangail an t-sluasadh dá caorthán cheangail a lámha de bhata na sluairce agus cimil Liam Gréasaí an tslaitín dá thóin. Bhí sé sin sa luirigh comh maith le duine aca. Thiomán sé leis iad go bráth gur thaithnigh siúnéir ortha a bhí ag dul ag obair go tigh sagairt.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1406: The Merry Wives Wager
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Bruadar
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Crossford, Co. Waterford