School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Page 028
- XML “An Playsham”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Buail buile den tuagh as an slua seo, leig ós na diabhail seo mé" arsa fear an bhóthair leis. Strac sé an tuagh amach as a chuis úirlisí, bhuail sé bata na sluairce de iarracht den tuagh; cheangal an tuagh de bhata na sluairce. Cheangail a lámha le bata na tuaighe agus cimil Liam Gréasaí an tslaitín dá thóin agus bhí sé ag liúrigh comh maith leis an cuid eile aca. Thiomán sé leis iad, níor bhfada go raibh sagart ag teacht ina choinne.
"Ansan atá tú" arsa sé leis an súinéir " in áit a bheith ag déanamh do chuid oibre". Ag tabhairt sé le buile dorn sa chuais.Cheangail a dorn dá chluais agus chimil Liam Gréasaí an tslaitín dá thóin agus bhí sé sa liurugh comh maith leis a gcuid eile aca. Thiomán Liam Gréasaí leis iad. Is dúirt go dtiománfeadh sé tré gach baile mór in Éirinn iad agus go ndéanfadh sé a dhóthain airgead asta.
"Tabhairfidh mé an oiread sin airgead duit ach scaoil chun siúl mé" arsa an sagart. Leig sé an sagart chun siúl. Leig sé chun siúl buachaill an tsagairt agus leig sé chun siúl fear an bóthair.
Thiomán sé leis an gcuid eile aca gur chuaidh sé ós cionn faille agus chaith sé síos leis an bhfaill iad. Chuaidh sé abhaile ansan do réineach agus sin é mo scéal-sa agus má thá bréag ann bíodh.- Informant
- Micheál Ó Bruadar
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Crossford, Co. Waterford