School: Eanach Mór (roll number 13912)
- Location:
- Annagh More, Co. Mayo
- Teacher: Mártain Ó Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eanach Mór
- XML Page 32
- XML “Scéal - Sábhálann Bean a Muintir ón gCroch”
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Gheobhfar fear i dtom, mac i mBruinn, eirigh a dhritháir agus teanam liom".
Dubhairt bean é seo nuair a bhí a fear, a mac, agus a dritháir le bheith crochta. Ghlac an Giuistí truagh léi. Dubhairt sé go bhfuighfeadh sí ceann acu ó'n gcroich cé bith duine acu a thoghfadh sí. Tháinig sí abhaile agus casadh sean-fhear siubhail léi agus d'fhiarthuig sé di cé an chaoi ar éirigh leobhtha. D'innis sí a cás dó go raibh ceann acu le fághail agus ní raibh a fhios aicí cé an ceann a thoghfadh sí. Dubhairt an sean-fhear léi an cómhairle thuas. Dubhairt sí é agus saoradh an triúr.- Collector
- Mártain Ó Braonáin
- Gender
- Male
- Bhí bean istigh i mBéal a' Mhuirthid aimsear na cruadhtan. Bhíthar a' roinn minreadh ar na boicht. Níor eirigh léi go bhfuair sí siubhal nuair a shíl sí é, mar bhí an ganntan i n-a diaidh sa mbaile. Labhair sí leis an muinntir a raiv stiuradh acu agus dubhairt "is fada me ag éisteacht nach dtigeann an sáthach an seang, is má thigeann féin nach i n am é" Mar bhí an gorta i n-a diaidh sa mbaile.