School: Eanach Mór (roll number 13912)

Location:
Annagh More, Co. Mayo
Teacher:
Mártain Ó Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 14

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 14

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eanach Mór
  2. XML Page 14
  3. XML “Seanfhocail agus Cora Cainte”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. "Faollí garbh, Márt' mín, Aibreán bog braonach, Bealtaine béal-fhluich, Samhradh riabhach, Fóghmhar grianai
    Sin é moladh na bliadhna
    L.
    2. An ghaoth adthuaidh bíonn sí cruaidh is cuireann sí fuacht.
    An ghaoth aniar bíonn sí fíor, is cuireann sí iasc go tír.
    An ghaoth anoir bíonn sí tor, is cuireann sí goir i gcaoraigh.
    An gaoth andeas bíonn sí tais, is cuireann sí drab ar bhrístí. L.
    3. Ní thig liom a dul i n-easair chrog leis tá mé i n-a thuilleamuidhe i n-easair chrog = ag troid. T.
    4. An crann a fhásas go suaimhneach bíonn sé lag.
    5. Námhaid do'n cheird gan an fhoghluim. T.
    6. Toiseach ceatha ceo, toiseach catha gleo, deireadh áith a losc.
    7. Tabhair a gcuid dobhtha agus coinnigh uatha (cómhair la i dtaobh na sagart)
    8. Tá oiread ar iarraidh uait le cailleach an tinncéo (déarfaidhe é seo le duine a bhéadh ag iarraidh an iomar)
    9. Dheamhan gcineadh mhic a' luain a bhí ann ach Seán ("devil a" one was in it but Seán) L.
    10. Sé an cás céadna é idir min agus braich ma adubhairt an Paorach nuair a scaip sé an bhraich a mháthair. (Déarfaidhe é seo nuair nár bh'fhiu le duine tíoghbhus a dheanamh ar rudaí) L.
    11. Nár théig suaithe ar do lointhe (nuair a gheibhtear bainne) L.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Mártain Ó Braonáin
    Gender
    Male