School: Eanach Mór (roll number 13912)

Location:
Annagh More, Co. Mayo
Teacher:
Mártain Ó Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 5

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 5

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eanach Mór
  2. XML Page 5
  3. XML “Unpublished Irish Songs - Úna Bhán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Unpublished Irish Songs - Úna Bhán

    A Úna Bhán nach gránda an luighe é sin ort

    ÚNA BHÁN

    (I)
    A Úna Bhán nach gránda an luighe é sin ort
    Ar leabaidh chumhang árd ar lámh leis na mílte corp
    Do chuma a bhí gan smál agus do bhráigh a bhí riamh gan locht
    Ní fheicfidh mé do scála aon oidhche go bráth ach anocht.

    (II)
    Úna Bhán is tú a mhearuigh mé,
    Úna Bhan is tú atá ag dul idir mé is Dia,
    Úna cor luibín cuirnín cásta na giamh,
    Nár bhfearr dhom bheith gan súil Úna ná d'fheiceál ariamh.

    (III)
    Úna Bhán, ba rós i ngáirdín thú,
    Ba coinnleoir óir ar bhord na bainríoghn' thú,
    Ba fidil agus ba ceol a' dul an bhealaigh thú,
    Agus iarraim ar an Dómhnach go bpósfar le do mhuirnín thú.

    (IV)
    Tá an baile seo ar lár agus ní áirighim é smeachtuighthe le fuil,
    Macsamhail mo ghrádh ní'l le fághail i n-áit ar bith,
    Féachaidh a mhná cé acu ab fhearr ná an t-ochón,
    Aon bhlaodh amháin i nÁth na Donóig' ná an dá bhlaodh dheag ins an áit nach bhfreagróchainn.

    * * *

    An sgéal a bhaineas leis an dán thuas.
    Bhí an fear atá ag cainnt sa dán agus Úna Bhán luaidhte le chéile ach níor shíl muinntear an chailín go raibh an fear sáthach maith dhí. Tháinig sé ar mhuin chapaill chomh fada leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mártain Ó Braonáin
    Gender
    Male
    Informant
    Bean Uí Lochnáin
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Female
    Age
    65
    Address
    Clydagh, Co. Mayo