School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sean caisleán i mBaile an Gleanna, Ceann i Rath Ruadh agus rian caisleáin ag Caisleán na Gaoithe agus ba le na Círeannaigh na caisleáin seo ar dtúis. Dream de na Normánaigh a bhí 'na Bairreadaigh agus na Lionóídeagh. Bhíodh siad ag troid le na taoisig gur leo na caisleáin agus annsin ag troid agus ag achrann eatorra fheín. Ar dheire n'éis troda fuilteacha san áit seo bhain na Bairreadaigh na súile as chuile dhuine de na Lionoidhigh a bhí láthair. Ag Gearrán Árd a tugadh an cath sin. Bhí troid eile i Magh Gamhna idir an dá dream cheudna na Cusacaigh agus na Breathnaigh. Bhain na Bairreádaigh na luigthe cheann amach doibh-the fhéin agus bhí an áit faoi smacht acha gur tháinig na Búrchaigh orra. Annsin fuair siad-san na Caisleáin uilig thart an áit seo. Siólrughadh "Mach Pháidín" ó Páidín Ó Bairréad agus "Watts" ó Walteír Ó Bairréad.
- Collector
- Máirín Bean an Bhúrcaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Míceál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo