School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I bparáiste Mágh Ghamhna mhair fear dárbh ainm Dáithí Bán Ó Gallacubhair. Thagadh sé ar cuairt go Ceathramha Chillín agus d'innis sé fhéin an sgéul seo. Dubhairt sé gur i dtús a óige go mbíodh sé ag damhsadh agus ag ól. Bhí comráide aige agus bhí an- chion aca ar a chéile. D'éug a comráide agus bhí an-chumhaidh ar Dáithí in a dhiaidh go ceann i bhfad. Bhí sé ag teacht abhaile oidhche amháin n'éis bháis a chomráideach agus casadh fear dhó ar an mbóthar. Labhair sé leis. Ní fhuair sé aon fhreagra. Shiubhal sé leis go dtáinic sé na thig féin. D'éaluig uaidh annsin agus tháinig eagla mór ar Dháithí. Bhí fhios aige nach fear saoghalta a bhí ann. N'éis sin san oidhche agus san ló d'feicfeadh sé é. Bhì sé ag éirighe caitthe agus an-chaol. agus bhíodh iongnadh ar na daoine nuair a d'feicfeadh siad é. Ar dheireadh chuaidh ag an t-sagart agus d'innis an sgéul dhó. Thug sé uisge cuisreachighthe dhó agus bheannuigh slat agus thug dhó í. Dubhairt sé leis dul amach sa t - sliabh agus compás a ghearradh leis an t-slait agus annsin a raitheadh i lár an fhainneach. D'innis an sagart dhó gur droch-sprid a bhí ann. Dubhairt sé leis a phaidrín a crochadh ar t-slait. Rinne Dáithí mar a dubhairt an sagart leis. Sheas sé i lár(continues on next page)
- Collector
- Máirín Bean an Bhúrcaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Míceál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo