School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Naomh Pádhraig i bhFaoi-coillDeirtear nuair a tháinig naomh Pádhraig go Fochaill go raibh sé ag siubhal ar an mbóthar lá. Chonnaic sé beirt cailín in aice tobair. Tháinig sé suas in aice leis an dtobar. Mhinigh Pádraig dóbhtha an Creidimh Chríosta.
D'fhiafruigh sé díobhtha arbh mhaith leo a bheith baistigthe. Dubhairt siad gurbh mhaith leo. Bhaistigh sé iad le uisge as an dtobar. Bhí siad go h-an bhuidheach dho. Taréis tamaill d'éirigh siad i mbeirt aingeal suas sa spéir. Tá tobar naomhtha ann go fóill. Teigheann go leór daoine ann ar turas naomhtha.
Deirtear nuair a tháinig Naomh Pádraig isteach i bhFhochaill gur tháinic sé suas in aice na haibhne. Chonnaich sé fear ag iascaireacht ar thóir bhradáin.
Nuair a tháinic Pádhraig in aice leis thug an fear bradán mór isteach as an abhainn. Dubhairt Pádhraig leis an bhfear bradán a thabhairt dhó. Dubhairt an fear leis "fán go gceapfaidh mé ceann eile." D'fhán Pádraig annsin gur cheap an fear an bradán eile.(continues on next page)- Collector
- Pádhraig Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Address
- Ballycastle, Co. Mayo
- Informant
- Tomás Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Ballycastle, Co. Mayo