School: Sean-Achaidh (roll number 12887)
- Location:
- Seanachaidh, Co. Mayo
- Teachers: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Naomhtha. Nuair do bhíeamar ag teacht abaile do casamar daoine ar an bhóthair agus dubhreamar le gach duine acu. "Nodlag Fá Shonas agat" agus sé an freagra a fuaireamar "gurb amhlaidh dhuith". Nuair a tháiniceamar abaile bhí dínnéar mór againn bhí a lán rudaí againn igcóir an dínnéar sin agus nuair a bhí an dínnéar caithte bhí a lán spórt agus siamsa againn go deireadh an lae.An lá indhiadh sin tugtar lá le Stiopháin ar, bíonn an lá sin againn mar cuimhneadh ar Naomh Stiopháin mar b'é Naomh Stiopháin an céad duine a fuair bás ar son an creidimh.Do cuaidh na buachaillí óige amach ag dul thart ar fud na mbailte agus Dreoilín gléasta le ribiní agus le cuileann leo istigh mbosca agus do cuireadar sean éadaigh agus agaidh bréige ortha agus tógadar bata leo. Bíonn rann aca ghá rádh ag doras gach tíghe a tugtar rann an Dreoileán ar agus muna bfághaid siad airgid nó arán igach tígh ní imteochaidh (?) siad buideachSe seo an rann.
"Dreoilín, Dreoilín Rí na n-Éan.""Is mór é a muirighin is beag e féin.""Éirigh suas a bean an tigh.""Beir an sgiain na coise buidhe""agus gearr amach píosa den Dreoilín"
Oidhche le Stiophan bhí a lán spórt igach áit.Nósa Oidhche Coille agus lá Coille.Is é Oidche Coille an oidhche deirnach den mbliadhain. Bhí a lán spórt agaionn an oidhche sin(continues on next page)- Collector
- Brígid Nic Aindriú
- Gender
- Female
- Address
- Seanachaidh, Co. Mayo
- Informant
- Sean Mac Aindriú
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Seanachaidh, Co. Mayo