Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 273
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uile lá agus oidhche bhíodh na sideoga thart a' caoineadh. Bhí an-imnidhe ar na hoibrightheoirí agus sa deire beigean doibh na clocha a chur arais ar an lios. In a dhiaidh sin bhí suaimhneas is síothcháin aca.Bhí fear i mbaile Golagh agus lá amháin bhí adhmad a' teastáil uaidh chun an teine a lasadh. Chonnaic sé crann beag a' fás ar bharr leasa in aice leis. Crann aonar 'a bhí ann agus thug sé leis é. Ón lá a bhain sé é ní fhéádfadh sé dul amach tareis dul fé don ghréin mar bhí na sidheoga ag cur isteach air. Thárla an rud ceadna gach uile tráthnóna agus bhí siad a' chur isteach chomh mór sin air go m'béigean dó glanadh leis thar an sáile go dtí Ameirioca agus fanacht annsin.Is minic a chuala na sean daoine an ceol ba bhinne dá gcuala siad ariamh a' thigheacht as an dún agus na sideoga a' gáiridhe. Nuair a thosuigheadh an Sluagh Sidhe ag gáiridhe in dún amháin bhíodh na sideoga ins na dúnta eile dá bhfeagairt. Chonnaic na sean daoine soillsí freisin ar na dúnta agus dubhairt siad gur minic a chuala siad tormán a' teacht as an dún - cosamhail le duine a bhéadh a' déanamh maistreadh.Bhí fear san áit seo tráth darbh ainm dó Micheál Ferguson. Tháinig Oidhche Shamhna amháin agus chuaidh sé amach, agus bhí a bean ag ullmhú an bocstaigh i gcóir an t-suipéir. Amach leis agus chuaidh sé go dtí lios a bhí in aice leis. Chuaidh sé isteach air is chuala sé na sideóga a' rádh in árd a ngutha "Tabhair dom capall(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin