Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 306

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 306
  3. XML “Ag Déanamh Maistridh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá cuinneog ag mo mhuinntir sa bhaile agus is ann a dheineann siad an maistreadh nuair a bhíonn im a' theastáil uatha. Cuinneog caosach mór seadh é.
    Tá na taobhanna cruinn. Níl an chuinneog aosta rinneadh é sa bhliadhain 1929. Seo ainmneacha na bpáirteanna éagsamhla - An lagan, na stabha agus na fonnsaí.
    Deintear maistreadh uair sa seachtmhain i rith an Gheimhridh agus trí nó ceithre uaire i rith an tSamhraidh. Bean a' tighe ins gach tigh a dheineann an maistreadh ach ma thagann éinné isteach le linn dí bheith ag déanamh na hoibre sin cabhruigheann said san leithe mar ní ceart dul amach as an teach gan breith ar an loinithe ar a laighead ar eagla nach dtiocfadh an tim air. Sin a deireann na sean daoine.
    Uair a chluig a bhaineann sé do bhean a' tighe an maistreadh a dhéanamh ach uiareannta eile bíonn sí níos fuide ná sin. Leis an loinithe a bhualadh síos agus suas sa mheidir - sin é an chaoí a deintear an chuigeann. Nuair a bhailigheann an tim in a chnapóga bíonn an maistreadh déanta, agus sin é an chaoi a bhíonn a fhios ag bean a' tighe cathain a bhíonn an obair críochnuighthe aice. Le linn don mhaistreadh a bheith ar siubhal cuirtear uisge te isteach ann agus mar sin ní bhíonn an obair ró-chruaidh nuair a bhíonn an bainne go breagh te, agus ní bhainfidh sé fada don im teacht air. Sé an chaoi a baintear an tim de ná - Tógtar as an gcuinneoig í leis an sgagaire agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin