Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a tugtar ar na bonnaí nuadha san. Má theastuigheann ó éinne na bróga a bheith go trom daingean láidir deireann sé leis an ngréasaidhe tairngí do chur ins na bonnaí agus crúidhte fé na sálaí. Anois téigheann na páistí thart sa cheanntar seo cosnochtuighthe ó mi Aibreáin go dtí mí Deire Foghmhair agus ón mhí sin go dtí Aibrean aríst bíonn siad ag caitheamh bróga.Fado nuair a bhíodh na daoine héis a gcosa do nighe, an tuisge salach a bhíodh aca coinnighedh cuid de na daoine istigh sa tigh é ach caitheadh cuid eile díobh amach é is dhéarfadh siad "Chugat, Cugat an tuisge salach" ar eagla go mbéadh an sluagh sidhe taobh amuigh.
- Níl ach ceardhcha amháin sa cheanntar seo fé láthair. Is le Peadar Ó Doláin, Corrabha, Gleann-Gaibhleann an ceann sein. Tá an cheardcha tógtha ar thaobh an bhóthair ar an mbealach go dtí an sráidbhaile sin - Damhsrath. Níl sé ach giota beag ón sgoil agus is minic nuair a bhíonn sos agam a théighim síos chun an gabhann a fheiceál ag obair. Teach ana bheag seadh an cheardcha agus díon tuighe air. Tá simleár beag amháin air chun an deataigh a leigint amach. Istigh ann bíonn teine mhaith ghuail ar lasadh, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Siordan
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin