Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “Leigheasanna an Cheantair seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó ní raibh aon dochtúirí le fághail ag na daoine agus dá bhithín sin bhí ortha aire a thabhairt do ghonta agus a leithéidí. Bhíodh leigheas aca do gach aon galar. Bhí leigheas aca don bruitíneach, don leicneach, agus don Triuch. Dia Luain agus Diardaoin a dheinidís na leigheasanna. Seo é an leigheas i gcóir an bhruitíneach.
    Chuiridís síos bainne agus nuair a bhíodh sé ar fuichadh cuireadh siad neanntóga isteach ann agus dfhagaidís ar an tine go ceann thamaillín. Annsin bhaineadh siad na neanntóga as an bhainne le sgagaire agus d'óladh an duine a bhí tinn an bainne sin san oidhche don leicneach. Gheibheadh siad im gan salann agus taréis a lán paidreacha a rádh ós a chionn chuiridís an tim air. Uaireannta chuiridís píosa córda timcheall an leinbh agus bhíodh ar an leanbh siubhal timcheall cró na muc trí huaire agus bhíodh paidreacha a rádh aige. Dhéarfadh na sean daoine gur mhaith an nídh é dul amach fé asal dubh trí huaire agus freisin gur mhaith an nídh é dul timcheall cró na muc gan cuimhneamh ar iarball an tsionnaigh ach níl ann ach sgéal.
    Bhí leigheas aca don Bhuinne (The Rose) freisin. Bhíodh ar an duine a mbíodh An Bhuinne air agus beirt eile den líon-tighe ceadna dul go dtí poll portaigh agus deich gcinnn de chlocha beaga glasa d'fhághail. Sheasadh an duine tinn idir an mbeirt eile. Chaitheadh duine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Siordan
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Moneensauran, Co. an Chabháin