School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Teacher:
(ní thugtar ainm)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 323

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 323

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 323
  3. XML “An Bia Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí na daoine ana láidir ar fad - i bhfad níos láidre ná muinntir a' lae indiu cé go bhfuil biadh níos fearr ag na daoine atá fásta suas ná mar bhí ag na daoine fadó.
    Blianta ó shoin ní bhíodh ach dhá bhéile ag na daoine - an bricfeast ar maidin timcheall a hocht a chlog agus an suipéar timcheall a seacht a chlog um tráthnóna. Bhídís ag obair ar maidin sul a mbíodh an béile sin aca agus bé rud é an bricfeast ná pláta leitean agus bainne milis. Annsin théighidís amach agus bhídís ag obair go cruaidh go mbíodh sé dubh dorca. Annsin taréis teacht isteach dóibh san oidhche bhíodh arán déanta as min coirce aca agus nogíní de bhaine - ní raibh cupáin ná muganna aca an tráth sin cor ar bith. Annsin tosuigheadh ar an tae. Cuireadh ionghnadh ar na daoine nuair a chonnaiceadar cad é an saghas ruda é. Ar dtúis chuiridís tae i mias cluaisín (porringer) agus chuiridís uisge air. Annsin d'fhagadh siad le hais na teine é go dtí go mbíodh ar dhearg fhiuchadh. Annsin séard a dhéanfadh siad ná - Chaitheadh siad amach an tuisge agus d'iosadh siad na duilleoga. Bhíodar ag éirghe tuirseach den sórt tae sin agus cheapadar slighe eile. Cuireadh siad na duilleoga ins an oigheann agus dheinidís iad a fhrioctáil agus d'iosadh siad iad.
    Um Nodlaig gheibheadh gach duine únsa tae agus théighidí go léir go teach amháin agus cuireadh muinntir a' tighe sin pota mór doimhin ar an tine is é lán d'uisge
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Informant
    Tomás Mac Siordan
    Gender
    Male
    Age
    5491