School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 308

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 308

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 308
  3. XML “Aire na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fado bhíodh na daoine cúig bliadhna déag d'aois sul a gcuireadh siad bróga ar a gcosa agus an uair sin féin nuair a bhidís a' dul chun an mhargaidh, nó chun an tsiopa nó chun an aonaigh bhíodh na bróga ar a nguailne aca agus théighedh siad tríd na páirceanna cosnochtuighthe. Annsin nuair a théighedh siad amach ar an mbóthar cuireadh siad na bróga ortha.
    Bhíodh "clogs" dá gcaitheamh ag na daoine fadó freisin ach dheineadh siad féin na bróga sin as giota d'adhmad agus píosa leathair greamuighthe de. Caitheann chorr duine "clogs" anois ach ceannuigheann siad san siopa iad. Bíonn siad saor go léor - cúig sgilleacha nó mar sin an péire.
    Bhí triúr gréasaidhe déág san áit seo fadó agus níl sa cheanntar anois ach beirt nó trúir -Toirdhealbhach Mac Aodha as Log an tSneachta, Gleann-Gaibhleann, Proinnseas MacCauley, Ardvagh, Gleann-Gaibhleann, agus Micheál Mac Samhráin, Béabealaigh, Gleann-Gaibhleann. Ni raibh a nathaireacha in a ngréasaidhthe rómpa. Má bhíonn na bróga caithte ag na daoine agus go dteastuigheann uatha peidhre nuadh a fhághail téigheann siad chun an ghréasaidhe agus tógann seiseann a dtoise. Bíonn adhbhar na mbróg aige-san i gcomhnuidhe agus ní bhíonn le déanamh aige ach tosnú ar an obair. Deineann an gréasaidhe na bróga do dheisiú leis, le taoibhíní do chur ar uachtar na mbróg, bairricíní do chur ar bharr bonn na mbróg mara mbíonn na buinn go léir caithte, nó buinn ar fad do chur ortha. Leathbhuinn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan