School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 318

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 318

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 318
  3. XML “An tAonach”
  4. XML “An Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Tighearna Annsley a bhí mar ainm ar an dtighearna talmhan a bhí os cionn mo cheanntair ach bhí tighearnaí eile seachas an fear sin - Seán Nichlson, fear darbh ainm dó Fosot, agus fear eile Dobbins. Níor chuireadar futha sa cheanntar. Tighearna an-chruaidh a beadh Annsley agus is iomha duine a chuir sé as a sheilbh. Bhíodh alán daoine ag iarraidh an lámh in uachtar d'fhágail air agus b'iomdha duine as Gleann-Gaibleann a thug iarracht fé sin a dhéanamh. Bhí cúigear fear déag as Glean-Gaibhleann agus an méid céadna as Cilineach sa phríosún mar gheall ar bheith a' troid is ag argóint leis an dtighearna Annsley. Is annsin a thosuigh an file breagh álainn sin - Seán Sheeran as Fear Monach a' sgríobhadh fé sin. Sgríobh sé amhrán breagh fada agus tá cur síos ann ar na "dithshealbhuighthe". Tá an tamhrán sgríobhtha sa leabhar seo.
    Nuair nach mbíodh na daoine inann an chíos a dhíol leis an dtighearna thagadh seisean agus bhíodh fir eile in éinfeacht leis. Annsin bhíodh tuaghanna aca, tuaghanna móra láidre leis na tuaghanna sin ghearradh siad cúpla (taobháin) rafters
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan
    Informant
    Seán Sheeran
    Gender
    Male
    Address
    Dergvone, Co. Leitrim