Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 362

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 362

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 362
  3. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl ach roilig amhaín san pharóiste i mBaile Gub. Roilig Gleann-Gaibhleann an tainm atá air. Úsáidtear é fós - Nuair a gheibheann daoine i bparóiste Gleann-Gaibhleann bás cuirtear annsin iad.Tá séipéal in aice leis a tógadh sa bhliadhain 1855. Tá sé beagnach cruinn agus é a' féacaint mar adéárfá i dtreo Blacklion. Tá go leór tuama ann agus clocha freisin, agus táid an-aosta - cuid díobh is táid ann timcheall ceithre fichid bliadhain. 1856 is 1860 na dathanna atá ar chuid díobh. Tá cor ceann de na croiseanna is na clocha agus táid gléasta suas le wreaths is bláthanna de gach aon saghas. Tá na croiseanna déanta as cloich. Bhíodh na leanbhaí nach raibh baistighthe curtha ag cúl an tséipéil in aít dóibh feín. Úsáidtear é fós i gcoír na leanbhaí.

    Croiseanna
    Deantar croiseanna Padraig Naomhtha as ribiní de gach dath, ach bíonn an dath glas in uachtar ortha go leír. Bíonn déanamh cruinn air agus é a trí nó ceithre órdhlaigh ar leithead. Caitheann na cailíní é ar a nguailne lá Fhéile Padraig. Déantar na croiseanna ar an séamhadh lá déag de Mhárta.
    Déantar crois Bhrigde ar an aonmadh lá tríocad de mhí Eanair agus is as brobhanna glasa a deintear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Faisnéiseoir
    Padraig Mac Samhráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin