School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Teacher:
(ní thugtar ainm)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 363

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 363

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 363
  3. XML “An Reilig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    iad. Crochtar iad os cionn dorais na gcistineach nó doras cró na muc nó cró na gcearc chun ráth a chur ar na hainmhidhthe.

    Cuirtear suas cuileann um Nodlaig. Sé an fáth a deintear é sin ná - cialluigheann na deilgneacha ar an gcuileann na deilgneacha a chuir na Iudaidigh i gceann ár Slánuightheora agus na caora dearga - an fhuil a rith ó na Gonta Naomhtha.

    Lá Bealtaine baineadh na daoine giota den Rowantree agus chrochaidís ós cionn an dorais é chun ráth a chur ar an tigh, agus ag cur fáilte roimh an tSamhraidh.

    Crú Capaill
    Cuireann cuid de na daoine ós cionn an dorais é chun ráth a chur ortha.

    Domhnach an Iubhair ( Palm Sunday )
    An lá sin beannuigheann an sagart palmaí is tugann sé do na daoine iad in onóir an lae a chuaidh ár Slánuightheoir Iosa Criost go Iursaelem nuair a chaith na páistí beaga giotaí de'n chrann fé na Chosa is dubhairt " Hosanna do Mhac Dhaibhid ".

    Uisge ó Thobar Bhrigde Naomhtha i mBéal an Atha Mhóir - tá sé go han úsáideach agus leigheasann sé gach sórt ghalair má bhíonn an chreideamh ceart ann ag na daoine a dheineamh úsáid de.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Informant
    Padraig Mac Samhráin
    Gender
    Male
    Address
    Carrick West, Co. an Chabháin